2 Corinthians 11:23 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
An minisdrí do Chríosd íad? (labhruim mar dhuine michéillidhe) atáim ós a gcrionn sa cháil sin, níos líonmhuire a sáothruibh, a mbuilleadhuibh níos ro mhó, a bpríosúnuibh níos mionca, a ngúas bháis go minic.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
An seirbhísigh Chríost iad (ag labhairt mar dhuine atá as a chéill atáim), is mó ’ná sin mise; ní ba dhúthrachtaighe i saothar, i bpríosúnaibh ní ba mhinicighe, dom’ sciúirseadh as miosúr, i mbaoghal báis go minic.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
An bhfuil siad ina seirbhísigh ag Críost? Is fearr i bhfad an tseirbhís atá déanta dó agamsa—caint mhire é—ar mhéid is a rinne mé de shaothar, agus a dʼfhulaing mé de théarmaí príosún-tachta, agus de sciúrsála, go raibh mé go minic i mbaol báis.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
An searbhóntaí do Chríost iad? Tá saochan céille anois orm ní foláir ach is mó ná sin mise, mar is mó go mór a shaothraigh mé ná iad; ba mhinice i gcarcair mé: fuaireas léasadh gan áireamh agus ba mhinic mé i mbaol an bháis.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
An searbhóntaí do Chríost iad? Tá saochan céille anois orm ní foláir–ach is mó ná sin mise, mar is mó go mór a shaothraigh mé ná iad; ba mhinice i gcarcair mé: fuaireas léasadh gan áireamh agus ba mhinic mé i mbaol an bháis.