2 Corinthians 11:31 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Atá a fhios ag Día, eadhon Athair ar Dtighearna Iósa Críosd atá beannuighe do shíor, nach bhfuilim ag déunamh bréige.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Atá a fhios ag Dia, ag Athair an Tighearna Íosa Críost atá beannuighthe go síorraidhe, nach bréag atáim d’innsint.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Tá a fhios ag Dia, Athair mo Thiarna Íosa, moladh go deo leis, nach bhfuil mé bréagach.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tá a fhios ag Dia, ag Athair ár dTiarna Íosa Críost, moladh go deo leis nach aon bhréag atáim á rá:
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tá a fhios ag Dia, ag Athair ár dTiarna Íosa Críost, moladh go deo leis nach aon bhréag atáim dá rá: