2 Corinthians 11:4 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír dá dtigidh neach do sheanmórughadh Iósa eile, nach dearnamairne sheanmóir nó da nglacuidh sibh spiorad eile, nár ghlacabhair chuguibh, ná soisgeul eile, nar ghlacabhir, dob iondéunta dhíbh a fhúlang.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir má thagann duine ag seanmóiriú Chríost eile nár sheanmóruigheamair‐ne, nó má ghlacann sibh spiorad eile nár ghlacamar leis, nach breagh mar fhulaingeann sibh leisean?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Á chur i gcás go dtagann duine chugaibh agus é ag seanmóireacht Íosa eile nach ionann is an té a bhíodh á sheanmóireacht againn, nó go ngabhann sibh le hathrach spride nach ionann í is an Spiorad sin ar ghlac sibh leis, nó cuirigí i gcás go nglacann sibh le soiscéal eile atá bun os cionn leis an soiscéal atá agaibh cheana, ní bhíonn aon mhoill oraibh ag géilleadh dó.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Mar, má thagann duine éigin ag fógairt Íosa daoibh nach é an té a fhógraíomana, nó má fhaigheann sibh spiorad nach é an Spiorad a fuair sibh uainne, nó má ghlacann sibh le dea-scéal seachas an dea-scéal lenar ghlac sibh, is breá mar a chuireann sibh suas leis.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Mar, má thagann duine éigin ag fógairt Íosa daoibh nach é an té a fhógraíomar-na, nó má fhaigheann sibh spiorad nach é an Spiorad a fuair sibh uainne, nó má ghlacann sibh le dea-scéal seachas an dea-scéal lenar ghlac sibh, is breá mar a chuireann sibh suas leis.