2 Corinthians 11:9 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an tan do bhí mé bhur láthair, agus riachdanas oram, níor léig mé mo throm ar éunduine: óir do fóireadh a neasbhuidh do bhí oram ris na dearbhráithribh tháinic ó Mhacedónia: agus ar a nuile ghlés do choimhéudas mé féin ó mo throm do léigean oruibhsi, agus fós coimhéudfad.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus nuair do bhíos ’n‐bhur láthair, agus mé i ngábhatar, ní rabhas mar ualach ar aon duine; óir na bráithre, ag teacht ó’n Maicheadóin dóibh, thugadar dom gach a raibh i n‐éasnamh orm; agus ar gach slighe do choisceas mé féin ar bheith mar ualach oraibh, agus coiscfead.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus nuair a bhí ganntanas orm agus mé agaibh, ní raibh mé i mʼualach ar aon duine agaibh, ó ba iad na bráithre ón Macadóin a riar ar mo chás. Mar sin ní raibh mé i mʼualach oraibh riamh, agus ní bheidh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus fad a bhí mé in bhur measc agus mé ar an ngannchuid, ní raibh mé i mo mhuirear ar dhuine ar bith agaibh mar ba iad na bráithre a tháinig ón Macadóin a choinnigh riar mo cháis liom. Níor lig mé dom féin bheith i m' ualach ar bith oraibh ná ní ligfidh mé amach anseo.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus fad a bhí mé in bhur measc agus mé ar an ngann-chuid, ní raibh mé i mo mhuirear ar dhuine ar bith agaibh mar ba iad na bráithre a tháinig ón Macadóin a choinnigh riar mo cháis liom. Níor lig mé dom féin a bheith i mʼualach ar bith oraibh ná ní ligfidh mé amach anseo.