2 Corinthians 12:10 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin bí sáimhe oram a néugcruasuibh, a nimdheargthuibh, a ríachdanusuibh, a ngérleanmhanuibh, a namhgharuibh ar son Chríosd: óir a núair bhím lag, bím láidir an tan sin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
D’á bhrigh sin bainim aoibhneas as na laigeachtaibh, as na maslaibh, as na géirleanamhaintibh, as na h‐anachnaibh, ar son Chríost, óir is i n‐am mo laige is mó bhím láidir.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus táim sásta, as ucht Chríost, le laige brí, agus le hachasáin, agus le hangar, agus le géarleanúint, agus le sáinn; ó nach láidreacht ann go dtí mo laige.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Sin é fáth go bhfuilim sásta le mo laigí, leis na tarcaisní, na hangair, na géarleanúintí agus na cúngrachtaí a bhíonn le fulaingt agam ar son Chríost. Mar nuair a bhím lag, sin í an uair a bhím láidir.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Sin é fáth go bhfuilim sásta le mo laigí, leis na tarcaisní, na hangair, na géar-leanúintí agus na cúngrachtaí a bhíonn le fulaingt agam ar son Chríost. Mar nuair a bhím lag, sin é an uair a bhím láidir.