2 Corinthians 12:11 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Atáim mícheillidhe ré déunamh mórdhála; is sibhse do chóimhéignidh mé: oír bá cóir dhamh mo mholadh uáibhse: óir ní raibh mé a gcáil ar bith fáoi an luchd dob áirde do na habsdaluibh, bíodh nach bhfuil éifeachd ionnam.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Atá duine dith‐céillidhe déanta agam díom féin: acht is sibh‐se do chuir d’fhiachaibh orm é; óir ba cheart go bhfaighinn moladh uaibh: óir gidh nach éinnidh ionnam féin mé, ní fhuilim ar deireadh i gcomórtas leis na h‐abstalaibh is áirde clú.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Rinne mé amadán díom féin! Sibhse ba chiontach leis, nár thug mo dhíol molta dom. Níl mé aon phioc níos measa ná na haspail ardnósacha úd, cé gur duine gan iomrá mé.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tá amadán déanta agam díom féin, agus is sibhse faoi deara dom é mar is daoibhse ba chóir mo pháirt a ghlacadh. Mura fiú le háireamh féin mé, ní mhaithfinn bonn do na sáraspail úd.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tá amadán déanta agam díom féin, agus is sibh-se faoi deara dom é mar is daoibhse ba chóir mo pháirt a ghlacadh. Mura fiú le háireamh féin mé, ní mhaithfinn bonn do na sáraspail úd.