2 Corinthians 12:18 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do íarr mé dathchuinge ar Thítus, agus do chuir mé dearbhráthair maille ris. A ndearnuidh Títus eadáil oruibh a ní ar bith? a né nach a náon spioruid amháin do shiubhlamar? a né nach éunlorg amháin do leanamar?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
D’impidheas ar Thítus dul, agus do chuireas an bráthair i n‐éinfheacht leis. An bhfuair Títus aon bhrabach oraibh? nach i n‐aon Spiorad amháin do shiubhlamar? nach aon lorg amháin do leanamar?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dʼiarr mé ar Thítus dul chugaibh, agus chuir mé an bráthair eile in éineacht leis. Ar bhain Titus leas asaibh? Nárbh ionann sprid dúinn? Nár shiúlamar ar an gcosán céanna?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
D' iarr mé ar Thíteas dul chugaibh agus chuir mé an bráthair lena chois. An é Títeas a rinne an slad oraibh? Nach é an Spiorad céanna a bhí dár seoladh araon agus nár leanamar araon an lorg céanna?
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dʼiarr mé ar Thíteas dul chugaibh agus chuir mé an bráthair lena chois. An é Títeas a rinne an slad oraibh? Nach é an Spiorad céanna a bhí dár seoladh araon agus nár leanamar araon an lorg céanna?