2 Corinthians 12:19 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
An sáoiltí a rís, go bhfuilmíd ag gábháil ar léisgéil ribh? as a bhfíadhnuisi Dé labhramáoid a Gcríosd: achd an tiomlán, a cháirde, chum bhur bhfollamnuighthese.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Measann sibh ar feadh an ama so gur ag cumadh leithscéil atáimíd. Is i bhfiadhnaise Dé labhraimíd i gCríost. Is ar mhaithe libh‐se, a chairde ionmhaine, adeirim gach nidh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
An é gur shíl sibh i rith an ama nach rabhamar ach ag cosaint ár gclú oraibh? Ach, a dhaoine na páirte, is ag labhairt i láthair Dé agus ár n-anam i gCríost a bhíomar, ag iarraidh sibh a chur ar bhealach bhur leasa.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
An é atá á cheapadh agaibh ar feadh an ama gur ag seasamh ár gcirt libh a bhíomar? Ní hea sin! Is i bhfianaise Dé atáim ag labhairt agus i gCríost. Ní raibh d' aidhm againn tríd síos, a chlann ó, ach sibhse a thógáil.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
An é atá dá cheapadh agaibh ar feadh an ama gur ag seasamh ár gcirt libh a bhíomar? Ní hea sin! Is i bhfianaise Dé atáim ag labhairt agus i gCríost. Ní raibh dʼaidhm againn tríd síos, a chlann ó, ach sibh-se a thógáil.