2 Corinthians 12:21 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Deagla, ar dteachd a ris chuguibh dhamh, go nísleóchuidh mo Dhía me eadruibh, agus go gcáoinfe mé morán don druing do pheacuidh cheana, agus nach dearna aithrighe sa neamhghloine agus sa sdríopthachas agus sa mionáire do rinneadar.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
ar eagla, nuair thiocfad arís, go n‐umhlóchaidh Dia ’n‐bhur measc mé, agus go mbéidh orm a lán díobh‐san do chaoineadh do rinne peacadh cheana, gan aithrighe do dhéanamh san míoghlaine, agus san striapachas, agus san drúis do chleachtadar.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Tá eagla orm nuair a thiocfas mé athuair go mbeidh mo Dhia do mʼísliú romhaibh, agus go gcaithfidh mé bheith ag mairgneach os cionn an mhéid agaibh a bhfuil peaca orthu cheana gan aithreachas orthu faoina mígheanm-naíocht agus a ndrúis agus a ndrabhlás a bhi mar leannáin peacaí orthu.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tá eagla orm nuair a thiocfaidh mé arís go n-ísleoidh mo Dhia mé os bhur gcomhair agus go mbeidh mé ag mairgneach faoina liacht daoine a rinne peacaí mígheanmnaíochta agus drúise agus collaíochta agus nach ndearna aithrí iontu go fóill.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)