2 Corinthians 12:3 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus as aithnidh dhamh a leithid sin do neach, (más ann sa gcoluinn, no as an gcoluinn, ní eadar mé: atá a fhios ag Día;)
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus is eol dom an fear sin (san cholainn, nó taobh amuigh de’n cholainn dó, ní fheadar; is ag Dia atá a fhios),
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach ta fhios agam gur ardaíodh an fear sin go Parthas Dé—níl fhios agam ach tá fhios ag Dia, cé acu sa cholainn nó as an gcolainn dó,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
ach tá a fhios agam gur fuadaíodh an fear seo go Parthas níl a fhios agamsa cé acu bhí sé ina cholainn nó lasmuigh dá cholainn, ag Dia atá a fhios
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
ach tá a fhios agam gur fuadaíodh an fear seo go Parthas–níl a fhios agam-sa cé acu bhí sé ina cholainn nó lasmuigh dá cholainn, ag Dia atá a fhios–