2 Corinthians 12:6 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír dá raibh na mhían oram mórdháil do dhéunamh, ní bhiáidh mé neimh-chéillidhe; óir déura mé a nfírinne: gidheadh atáim ag comgmhail oram féin, deagla éunduine dom mheas thar mar do chí sé mé, nó mar do chluin sé uáim.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir dá mba mhian liom maoidhmheachas do dhéanamh, ní bhéidhead díth‐chéillidhe; óir déarfad an fhírinne: acht staonaim uaidh, ar eagla go mbéadh meas ag aon duine orm thar a bhfeiceann sé bheith ionnam, nó thar a gcluineann sé uaim.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Siúd is nach ndéanfaidh mé amadán díom féin ag maíomh as, ó nach mbeidh á insint agam ach lomchnámh na fírinne. Ach fanfaidh mé i mo thost, ar eagla meas iomarcach thar a bhfuil le feiceáil ionam nó le cluinstin uaim a bheith ag aon duine orm.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dá mba mhian liom mórtas a dhéanamh, áfach, níorbh aon mhórtas amadáin é mar nach mbeadh agam á insint ach an fhírinne ghlan. Ní dhéanfaidh mé amhlaidh, áfach, le heagla go mbeadh breis measa ag daoine orm thar a bhfeiceann siad ionam ná thar a gcloiseann siad uaim.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dá mba mhian liom mórtas a dhéanamh, áfach, níorbh aon mhórtas amadáin é mar nach mbeadh agam dá insint ach an fhírinne ghlan. Ní dhéanfaidh mé amhlaidh, áfach, le heagla go mbeadh breis measa ag daoine orm thar a bhfeiceann siad ionam ná thar a gcloiseann siad uaim.