2 Corinthians 13:4 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír bíodh gur céusadh é tré éugcrúas, mairidh sé fós tré chumhachd Dé. Oír atámuidne fós éugcruáidh maille rision, gidheadh bíam beó maille ris tré chúmhachd Dé bhur dtáobhsa.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir má’s fíor gur céasadh é tré laige, maireann sé beo tré chumhacht Dé. Óir atáimíd féin lag i n‐éinfheacht leis, acht mairfimíd beo i n‐éinfheacht leis de bhárr cumhachta Dé ’n‐bhur dtaobh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Céasadh é ina laige, ach maireann sé beo le cumhacht Dé. Dá laige sinne ann, nuair a bhímid ag plé libhse, beimid beo ann le cumhachtaí Dé.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is fíor gur céasadh ar an gcrois é le barr laige ach tá sé beo anois le cumhacht Dé. Is é an dála céanna againne é: táimidne lag ann ach beimid beo mar aon leis trí chumhacht Dé chun freastal oraibhse.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Is fíor gur céasadh ar an gcros é le barr laige ach tá sé beo anois le cumhacht Dé. Is é an dála céanna againne é: táimidne lag ann ach beimid beo mar aon leis trí chumhacht Dé chun freastal oraibhse.