2 Corinthians 13:5 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Feuchuidh sibh féin, an bhfuil sibh sa gcreideamh; cúartuighe sibh féin. A né nach feasach sibh oruibh féín, go bhfuil Iósa Criosd ionnuibh, achd muna dáoine éidearbhtha sibh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Scrúduighidh sibh féin, d’fhéachain an bhfuil sibh san gcreideamh; déanaidh fromhadh oraibh féin. Nó nach bhfuil a fhios agaibh féin go bhfuil Íosa Críost ionnaibh? munab amhlaidh gur daoine iondamanta sibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Cuirigí scrúdú coinsiasa oraibh féin, go bhfeiefidh sibh an bhfuil sibh ag seasamh le bhur gcreideamh. Cuirigí féachaint oraibh féin. Nach dtuigeann sibh go bhfuil Íosa Críost i láthair ionaibh?—murar chlis anfhéachaint oraibh!
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Déanaigí sibh féin a thriail agus a thástáil féachaint an bhfuil sibh ag leanúint den chreideamh. Nó an é nach dtuigeann sibh go bhfuil Íosa Críost ionaibh rud atá mura bhfuil cliste oraibh?
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Déanaigí sibh féin a thriail agus a thástáil féachaint an bhfuil sibh ag leanúint den chreideamh. Nó an é nach dtuigeann sibh go bhfuil Íosa Críost ionaibh–rud atá mura bhfuil cliste oraibh?