2 Corinthians 13:7 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus íarruim dathchuinghe ar Dhía gan sibhse do dhéanamh uile ar bith; ní chum go measfuidhe sinne do bheith dearbhtha, achd chum sibhse do dhéunamh neithe iomchubhaidh, bíodh go mbeimísne éidearbhtha.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Anois athchuinghim ar Dhia nach ndéanfaidh sibh olc ar bith; ní h‐é chum go measfaidhe sinn bheith ionmholta, acht le fonn go ndéanfaidh sibh‐se an chóir, agus go measfaidhe sinne bheith iondamanta.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach táimid ag guí Dé gan ligean daoibh aon ole a dhéanamh—agus ní le fonn sinne a bheith sa cheart, ach le fonn go mbeidh sibhse ag déanamh mar is cóir, bíodh go mbeidh cuma orainne gur theip orainn.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Táimid ag guí Dé nach ndéanfaidh sibh aon olc ach ní d' fhonn a thaispeáint go bhfuil éirithe linn sa triail é, ach d' fhonn is go ndéanfadh sibhse an mhaith fiú amháin dá ndealródh sé go raibh teipthe orainn.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Táimid ag guí Dé nach ndéanfaidh sibh aon olc–ach ní dʼfhonn a thaispeáint go bhfuil éirithe linn sa triail é, ach dʼfhonn is go ndéanfadh sibh-se an mhaith fiú amháin dá ndealródh sé go raibh teipthe orainn.