2 Corinthians 2:10 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus gibh bé dhá dtug sibhse maitheamhnus áoinneithe, do bheirimse mar an gcéadna: óir má thug misi maitheamhnus a neinní uáim, gidh bé dhá dtug mé an maitheamhnus, is ar bhir sonsa tug mé uáím é a bhfíadhnuisi Chríosd;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Cibé duine go dtugann sibh maitheamhnas dó, do‐bheirim‐se maitheamhnas dó, leis, mar, má tá rud ar bith maithte agam, is ar bhur son‐sa atá sé maithte agam i láthair Chríost;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Má mhaith sibh dʼaon duine, maithim féin dó freisin. An méid a mhaith mé (má tá rud ar bith maite agam) is mar mhaithe libhse a mhaith mé é i láthair Chríost,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
An té a maitheann sibhse dó, maithimse dó chomh maith. Mar cibé ní a mhaith mise dó, is ar mhaithe libhse a rinne mé é i bhfianaise Chríost
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
An té a maitheann sibh-se dó, maithimse dó chomh maith. Mar cibé ní a mhaith mise dó, is ar mhaithe libh-se a rinne mé é i bhfianaise Chríost