2 Corinthians 2:4 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír is as buáidhirt mhóir agus as dóilgheas croidhe do sgríobh mé chugaibh maille ré hiomad déur; ní chum dóilgheasa do chur oraibh, achd chum go dtuigfeadh sibh an grádh ro líonmhar atá agam dhíbh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir is fá bhuaidhirt mhóir agus fá dhoilgheas croidhe do scríobhas chugaibh le frasaibh deor, ní chum doilgheas do chur oraibh, acht chum go dtuigfeadh sibh méid an ghrádha atá agam daoibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar scríobh mé chugaibh as angar mór agus as buairt chroí agus as frasa deor, agus gan é ar mʼintinn brón a chur oraibh, ach méid mo ghrá daoibh a nochtadh daoibh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is mór an buaireamh agus an scalladh croí a bhí orm ag scríobh chugaibh agus is iomaí deoir a thit ó mo shúile, ach ní d' fhonn sibhse a bhuaireamh a scríobh mé ach d' fhonn is go dtuigfeadh sibh méid mo ghrá daoibh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Is mór an buaireamh agus an scalladh croí a bhí orm ag scríobh chugaibh agus is iomaí deoir a thit ó mo shúile, ach ní dʼfhonn sibh-se a bhuaireamh a scríobh mé ach dʼfhonn is go dtuigfeadh sibh méid mo ghrá daoibh.