2 Corinthians 3:14 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin do dalladh a ninntinn: óir gus a niugh a léighthóireachd na seantiomna fanuidh an folach céadna gan áthrughadh; noch curthar ar gcúl ré Críosd.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
acht do bhí a n‐aigne dallta, óir go dtí an lá so féin, le linn léighte an tseantiomna, fanann an folach céadna gan tógáil: folach atá curtha ar neamh‐nidh i gCríost.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach is amhlaidh bhíodh a gcroíthesean á gcruachan; mar go dtí an lá inniu, nuair a bhíonn an seanchúnant á léamh acu, fanann an chaille sin thíos gan a tógáil dá n-intinn, ós rud é nach féidir a tógáil ach i gCríost amháin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dalladh an intinn iontu, áfach, agus go dtí an lá atá inniu ann fanann an púicín céanna orthu gan tógáil nuair a bhíonn an seantiomna á léamh dóibh, mar is i bpáirt le Críost a thógtar an púicín chun siúil.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dalladh an intinn iontu, áfach, agus go dtí an lá atá inniu ann fanann an púicín céanna orthu gan tógáil nuair a bhíonn an seantiomna dá léamh dóibh, mar is i bpáirt le Críost a thógtar an púicín chun siúil.