2 Corinthians 3:6 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Noch fós do rinne minisdrí iomchubhaidh dhínn don tiomna núadh; ní don litir, achd don sbioruid: óir marbhuidh an litir, achd do bheir an sbiorad beatha.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
is é thug éifeacht dúinn, leis, chum bheith ’n‐ár seirbhíseachaibh do thiomna nua; ní h‐é do réir na litre, acht do réir an spioraid; óir marbhann an litir, acht do‐bheir an spiorad beatha.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
a rinne ministrí éifeachtacha dínn le cúnant úrnua a fhriotháil, nach dtugtar trí fhuarlitreacha an dlí, ach trí bheochumhacht an Spioraid, mar tugann fuarlitir an dlí an bás, ach bronnann an Spiorad an bheatha.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
mar is é a chuir ar ár gcumas bheith inár maoir ar chonradh nua; ach ní conradh litreach é ach conradh sa Spiorad, mar is trúig bháis an litir scríofa ach is údar beatha an Spiorad.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
mar is é a chuir ar ár gcumas a bheith inár maoir ar chonradh nua; ach ní conradh litreach é ach conradh sa Spiorad, mar is trúig bháis an litir scríofa ach is údar beatha an Spiorad.