2 Corinthians 3:7 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus má bhí miniosdrálachd an bháis, a litribh ar na tharruing a gclochaibh, glórmhar, ionnas nar bhfeidir ré clannuibh Isráel féucháin go gér air aghaidh Mháoisi tre dheallruigh a ghnúisi; noch do cuireadh ar gcúl:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus miniostrálacht an bháis, atá greanta ’n‐a litreachaibh ar chlochaibh, má tháinig sí le glóir, i riocht nárbh fhéidir le clannaibh Israel féachaint go grinn ar ghnúis Mhaoise, mar gheall ar ghlóir a ghnúise: glóir do bhí ag dul i n‐éag:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Bhí a cuid féin den ghile ag dáilfhreastalacht úd an bháis a bhí á snoí i bhfuarlitreacha ar chloch. Níor fhéad na hlosraelítigh amharc ar ghnúis Mhaois de bharr a gile, siúd is gur ghile neamhbhuan í.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
An córas básmhar úd a bhí greanta i litreacha ar chloch, má tháinig sé ann faoi niamhracht chomh mór sin nár fhéad clann Iosrael stánadh san aghaidh ar Mhaois mar gheall ar a ghile a bhí sí, siúd is go raibh an ghile ag tréigean,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)