2 Corinthians 4:13 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do bhrígh gur ab áon chreideamh atá aguinn, do réir a neithe atá sgríobhtha, Do chréid mé, agus ar a nadhbharsin do labhair mé; creidmidne fós, agus ar a nadhbharsin labhramaóid mar an gcéudna;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht ó’s é an t‐aon spiorad amháin atá againn, do réir mar tá scríobhtha, Do chreideas, agus d’á bhrigh sin do labhras; creidimíd‐ne, leis;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Bíonn an sprid chéanna chreidimh againne agus bhí ag an té a scríobh, “Chreid mé, agus as sin labhair mé,” is mar sin dúinne, creidimid agus tugann ár gcreideamh orainn labhairt,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach tá againne an spiorad céanna úd an chreidimh atá luaite sa scrioptúr: «Chreid mé agus labhair mé dá réir.» Creidimidne chomh maith agus labhraímid dá réir,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach tá againne an spiorad céanna úd an chreidimh atá luaite sa scrioptúr: “Chreid mé agus labhair mé dá réir.” Creidimidne chomh maith agus labhraímid dá réir,