2 Corinthians 4:18 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar mbeith dhúinn ag tabhairt ar naire do na neithibh nach bhfuil ré a bhfaicsin, agus ní do na néithibh ata re a bhfaicsin: oír is neamhbúan na neithe atá ré a bhfaicsin; agus is síorruidhe na neithe nach bhfaicthear.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
gan ár súile bheith ar na neithibh so‐fheicsiona, acht ar na neithibh do‐fheicsiona: óir ní thugann na neithe so‐fheicsiona acht seal, acht is síor‐bhuan iad na neithe do‐fheicsiona.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
ó nach n-amharcaimid ar na nithe so-fheicthe ach ar na nithe dofheicthe; ó nach maireann na nithe so-fheicthe ach seal, ach gur síoraí buan iad na nithe dofheicthe.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ní ar na nithe infheicthe atá ár n-aire againne ach ar na nithe dofheicthe, mar níl sna nithe infheicthe ach seal ach mairfidh na nithe dofheicthe go bráth.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ní ar na nithe infheicthe atá ár n-aire againne ach ar na nithe dofheicthe, mar níl sna nithe infheicthe ach seal ach mairfidh na nithe dofheicthe go bráth.