2 Corinthians 4:7 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Gidheadh atá an tionnmhus so aguinn a soithighibh críadh, chum oirdhearcuis an chúmhachd sin do bheith ó Dhía, agus ní uainn féin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht atá an seod so i soighthibh cré againn, chum nach linne, acht le Dia, do luaidhfidhe an chumhacht gan teoraibh;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach bíonn an tseoid sin á taisceadh againn i soithigh créafóige, go mba léir nach linne ach le Dia an chumhacht is airde.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is i bprócaí cré atá an tseoid seo i gcoimeád againn, d' fhonn a chruthú gur le Dia an chumhacht as cuimse agus nach uainn féin í.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Is i bprócaí cré atá an tseoid seo i gcoimeád againn, dʼfhonn a chruthú gur le Dia an chumhacht as cuimse agus nach uainn féin í.