2 Corinthians 5:1 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oir atá a fhios aguinn dá sgaóiltear ó chéile ar dtigh talmhuidhe na boithesi, go bhfuil áitreabh aguinn ó Dhía, tigh nar tógbhadh ré lámhuibh, marthanach air neamh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir is eol dúinn, má scriostar an pailliún so ’n‐a gcómhnuighmíd ar talamh, go bhfuil áitreabh ó Dhia againn, teach nach ndearnadh le lámhaibh, atá síorraidhe, ins na flaitheasaibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Tá fhios againn mar sin, má scriostar an puball collaí sin a bhíos mar áras againn, go bhfuil teach ó Dhia againn, nár tógadh le lámha, teach a bheas go buan ar neamh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tá a fhios againn nuair a leagtar ar lár an bhoth seo ina gcónaímid ar talamh, go bhfuil áitreabh le fáil ó Dhia againn sna flaithis, teach cónaithe síoraí nár tógadh le lámha daoine.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tá a fhios againn nuair a leagtar ar lár an bhoth seo ina gcónaímid ar talamh, go bhfuil áitreabh le fáil ó Dhia againn sna flaithis, teach cónaithe síoraí nár tógadh le lámha daoine.