2 Corinthians 5:11 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin ar mbeith feasach dhúinn air bhuirbe an Tighearna, táirngéamaóid daóime chum creidmhe, agus as follus do Dhía sinn; agus atá dóigh agam go bhfuilmid follas do bhur ccoinnsiasuibhse mar an gcéudna.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Mar sin de, de bhrigh gur ab eol dúinn eagla an Tighearna, táimíd d’iarraidh na daoine do spreagadh, agus aithnigheann Dia sinn; agus atá súil againn go n‐aithnigheann sibh‐se ’n‐bhur gcroidheachaibh sinn, leis.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Bíonn eagla Dé orainn mar sin, a bhíos ag iarraidh daoine a chur ar bhealach a leasa, ach is léir do Dhia cad é an cineál daoine sinn, agus tá dóchas agam gur léir daoibhse é in bhur gcoinsias féin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tuigimid cad is eagla Dé ann agus déanaimid áiteamh dá réir ar dhaoine. Is follas do Dhia ár meon agus tá súil agam gur follas do bhur gcoinsias-sa freisin é.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tuigimid cad is eagla Dé ann agus déanaimid áiteamh dá réir ar dhaoine. Is follas do Dhia ár meon agus tá súil agam gur follas do bhur gcoinsias-sa freisin é.