2 Corinthians 5:14 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír atá grádh Chríosd dar mbrosdughadh; ar na bhreathnughadh so dhúinn, eadhon má fuáir éunduine bás ar son na nuile, go bhfúaradar uile bás:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir atá grádh Chríost d’ár mbrostú, mar is amhlaidh bhreathnuighmíd, má fuair duine amháin bás ar son an uile dhuine, go bhfuaradar uile bás;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar bíonn grá Chríost dár dtiomáint, mar déanaimid deimhin de go bhfuair aon duine amháin bás ar son an iomláin; agus go bhfuair an t-iomlán bás ar an nós sin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is é grá Chríost atá dár dtiomáint ón uair a d' aithníomar go bhfuair aon duine amháin bás ar son cách uile agus dá réir sin go bhfuil an uile dhuine tar éis bháis.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Is é grá Chríost atá dár dtiomáint ón uair a dʼaithníomar go bhfuair aon duine amháin bás ar son cách uile agus dá réir sin go bhfuil an uile dhuine tar éis bháis.