2 Corinthians 5:18 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus as ó Dhía atáid uile, noch do reidhigh sinne ris féin tré Iósa Críosd, agus tug dhúinne miniosdrálachd an réitigh sin;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus is ó Dhia atá gach uile nidh, do réidhtigh leis féin sinn tré Chríost, agus thug miniostrálacht an réidhtigh dhúinn,
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Is ó Dhia atá sin uile, a dʼaontaigh sinne leis féin trí Chríost agus a cheap sinn leis an t-athaontú sin a chur i bhfeidhm;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is é Dia a thug an t-iomlán i gcrích, mar is é a thug sinne chun athmhuintearais leis féin trí Chríost agus a d' fhág an t-athmhuintearas ina chúram orainne.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Is é Dia a thug an t-iomlán i gcríoch, mar is é a thug sinne chun athmhuintearais leis féin trí Chríost agus a dʼfhág an t-athmhuintearas ina chúram orainne.