2 Corinthians 5:4 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír bímidne luchd na boithesi ag osnaighe, ar mbeith úaluidh oruinn: ar nach mían rinn bheith gan éudach, achd tuilleadh éuduigh do chur iomuinn, ionnus go sluigfidhe súas an ni sómharbhtha ré beatha.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir chómh fada is bhímíd san bpailliún so bímíd ag osnaighil, agus sinn fá throm‐ualach; ní h‐é go mba mhian linn bheith gan clúdach, acht bheith clúduighthe, chum go sluigfidhe a bhfuil so‐mharbhtha leis an mbeathaidh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus chomh fada agus a bhímid sa phuball seo, bímid ag osnaíl le himní; ní le mian baint dínn ach cur orainn, chun go slogfaidh an bheatha a bhfuil básmhar.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Sea, fad a bhímid i mboth an choirp bímid ag osnaíl go cloíte, ach ní hé is áil linn an corp saolta a bhaint dínn ach an corp eile a chur umainn lasmuigh de, ionas go slogfaí siar an rud básmhar ag an mbeatha.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Is ea, fad a bhímid i mboth an choirp bímid ag osnaíl go cloíte, ach ní hé is áil linn an corp saolta a bhaint dínn ach an corp eile a chur umainn lasmuigh de, ionas go slogfar siar an rud básmhar ag an mbeatha.