2 Corinthians 6:16 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Nó créd é an ceangal do bhíadh ag teampoll Dé agus ag iodhaluibh ré chéile? óir is sibhse teampoll Dé bhí; do réir mar a dubhairt Día, Biáidh mé um chómhnuidhe ionnta, agus siubhólad na measg; agus biáidh me um Dhía aca, agus béid síadsan na bpobal agamsa.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus cia an cóimhcheangal atá idir teampall Dé agus íodhla? óir is sinne teampall Dé bhí; mar adubhairt Dia, Déanfad cómhnaidhe ’n‐a measc, agus siubhalfad ’n‐a measc; béidhead‐sa im’ Dhia aca, agus béidhid‐sean ’n‐a bpobal agam‐sa.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nó an bhfuil na híola ag cur le teampall Dé? Is é atá ionainne, teampall Dé bhí; mar atá ráite ag Dia, “Beidh mé ag maireachtáil iontu agus ag gluaiseacht amach ina measc, agus beidh mise i mo Dhia acu, agus beidh siadsan ina bpobal agam.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Cén ceangal atá ag teampall Dé le déithe bréige? Mar is teampall Dé bheo sinne, de réir mar atá ráite ag Dia féin: «Cónóidh mé agus siúlfaidh mé ina measc, beidh mé i mo Dhia acu agus beidh siadsan ina bpobal agamsa.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Cén ceangal atá ag teampall Dé le déithe bréige? Mar is sinne teampall Dé bheo, de réir mar atá ráite ag Dia féin: “Cónóidh mé agus siúlfaidh mé ina measc, beidh mé i mo Dhia acu agus beidh siad-san ina bpobal agam-sa.