2 Corinthians 6:2 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
(Oír a deir sé, Do éisd mé riot a nám iomchubhaidh, agus a ló an tslánaighthe tug mé cabhair dhuit: féuch, a nois an tam iomchubhaidh; féuch, a nois lá an tslánaighthe.)
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir dubhairt sé, I n‐am oireamhnach d’éisteas leat, Agus i ló an tslánuighthe do chabhruigheas leat. Féach, anois an t‐am oireamhnach; féach, anois lá an tslánuighthe; gan adhbhar tuislidh do thabhairt d’aon duine,
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Deir sé, “Is in uair na faille a dʼéist mé leat, chabhraigh mé leat i lá an tslánaithe.” Seo agaibh anois uair na faille, anois lá an tslánaithe!
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Mar is é a deir sé: «Ar uair na faille thug mé cluas duit; ar lá an tslánaithe tháinig mé i gcabhair ort.» Is í seo, féach, uair na faille; inniu lá an tslánaithe.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Mar is é a deir sé: “Ar uair na faille thug mé cluas duit; ar lá an tslánaithe tháinig mé i gcabhair ort.” Is í seo, féach, uair na faille; inniu lá an tslánaithe.