2 Corinthians 6:9 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Mar dhruing nach aitheantar, agus déghaitheanta; mar ag fagháil bháis, agus, féuch, atámuid béo; mar smachduighthe, agus gan a marbhadh;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
acht mar dhaoine fíora; mar dhaoine nach n‐aithnightear, acht aithnightear ’n‐a aimhdheoin sin; mar dhaoine atá ag saothrú an bháis, agus, féach, atáimíd beo; mar dhaoine curtar fá smacht, gan bheith marbhtha;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
is daoine gan suim sinn a bhfuil clú mór orainn; bímid ag saothrú an bháis agus sinne beo beathach; cuirtear smacht orainn gan ár gcur chun báis;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is daoine anaithnide sinn a bhfuil aithne ag an saol mór orainn, bímid in ainm bheith i mbéal báis agus féach sinn go beo beathach; bímid in ainm bheith dár smachtú ach nílimid tugtha suas chun báis.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Is daoine anaithnide sinn a bhfuil aithne ag an saol mór orainn, bímid in ainm a bheith i mbéal báis agus féach sinn go beo beathach; bímid in ainm a bheith dár smachtú ach nílimid tugtha suas chun báis.