2 Corinthians 7:1 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin a dhearbhráithre grádhacha, ar bhfagháil na ngeallamhnachsa dhúinn, glanum sinn féin ó uile shalchar na féola agus na spioruide, ag críochnughadh náomhthachda a neagla Dé.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Ó thárla na geallamhnacha sin bheith againn, a cháirde ionmhaine, glanaimís dínn féin gach smál colna agus spioraid, ag cur naomhachta i gcrích i n‐eagla Dé.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus ós rud é go bhfuil na gealltanais seo tugtha dúinn, a lucht na páirte, bímis dár nglanadh féin ón uile shalachar coirp agus anama, agus dár naomhú féin go hiomlán gan easpa in uamhan Dé.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair atá a leithéidí sin de ghealltanais againn, a mhuintir na páirte, glanaimis dínn gach smál coirp agus anama agus cuirimis ár naomhú i gcrích faoi eagla Dé.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair atá a leithéidí sin de ghealltanais againn, a mhuintir na páirte, glanaimis dínn gach smál coirp agus anama agus cuirimis ár naomhú i gcríoch faoi eagla Dé.