2 Corinthians 7:10 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír an doilgheas bhíos do réir Dé oibrighe sé aithrighe chum slánaighthe nach aithreach linn: achd óibrigheann doilgheas an tsáogháil bás.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir do‐bheir an doilgheas diadha aithrighe chum slánuighthe nach dtugann aithmhéala: acht do‐bheir doilgheas an tsaoghail an bás.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ní fhágann an dea-bhrón diaganta aon chúis aiféala ina dhiaidh, ó tagann an aithrí as, a chuireas duine ar shlí a shlánaithe, ach is ábhar báis agus buanéaga an brón suarach saolta.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Mar an bhuairt a bhíonn de réir thoil Dé, saothraíonn sí an aithrí úd a sheolann daoine ar bhóthar a slánaithe agus ní aon chúis aiféala é sin, ach ní thagann ón mbuairt shaolta ach an bás.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Mar an bhuairt a bhíonn de réir thoil Dé, saothraíonn sí an aithrí úd a sheolann daoine ar bhóthar a slánaithe agus ní haon chúis aiféala é sin, ach ní thagann ón mbuairt shaolta ach an bás.