2 Corinthians 7:11 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír féuch a níse féin, doilgheas do bheith oruibh do réir Dé, créd é méd na dúthrachda do oibrigh sé ionnuibh, agus fós an leisgéil, agus fós an reachd feirge, agus na heagla, agus fós an rómhíanghuis, agus fós, an teas grádha, agus fós, an dioghaltuis! Do fhoillsigheabhair sibh féin ar gach éunchor do bheith glan sa nadhbharsa.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Mar féach, an nidh céadna so, gur cuireadh doilgheas diadha oraibh‐se an dúthracht d’oibrigh sé ionnaibh, agus an leithscéaladh, agus an díombuaidh, agus an eagla, agus an tnúthán, agus an díoghrais, agus an díolaidheacht! Do chruthuigh sibh bheith glan ar fad san gcás so.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nach léir daoibh an dúthracht a bhí ionaibh de bharr an dea-bhróin dhiaganta sin, an dúil a bhí oraibh le bhur nglanadh féin ó choir, an díomá, an dianeagla, an cumha, an díograis, agus an pionós a chuir sibh oraibh féin? Tá sé cruthaithe agaibh nach bhfuil sibh san éagóir in aon phointe den chúis sin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Féach an toradh a bhí ar an mbuairt sin a chuir Dia oraibh; cad é mar dhúthracht a chothaigh sí ionaibh, cad é mar fhonn cosanta, cad é mar mhíchéadfa, cad é mar fhaitíos! Cad é mar dhíograis agus mar fhonn cúitimh a spreag sí ionaibh! Chruthaigh sibh go raibh sibh neamhurchóideach sa ghnó seo ar fad.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)