2 Corinthians 7:12 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin, biodh gur sgríobh mé chuguibh, ní ar son an tí do rinne a néugcóir do sgríobh mé, ná ar son an tí ar a ndearnadh a néugcóir, achd ionnus go mbíadh ar ndúthrachdne bhur dtimcheallsa follus daóibh a bhfíadhnuisi Dé.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
D’á bhíthin sin, má scríobhas féin chugaibh, ní ar son an té do‐rinne an éagcóir é, ná ar son an té d’fhulaing í, acht chum go mbéadh bhur ndíoghrais ’n‐ár dtaobh‐na soiléir i bhfiadhnaise Dé.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Má scríobh mé chugaibh, ní dhearna mé é de gheall ar an té a rinne an éagóir, ná de gheall ar an té a dʼfhulaing í, ach i dtreo is go bhfoilseofaí i súile Dé chomh dílis dúthrachtach agus atá sibh dom.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a scríobh mé an litir úd chugaibh, ní ar mhaithe le fear déanta na héagóra a bhí mé, ná ar mhaithe leis an té a ndearnadh an éagóir air, ach d' fhonn bhur ndílseacht domsa a chur ar bhur súile daoibh i bhfianaise Dé.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair a scríobh mé an litir úd chugaibh, ní ar mhaithe le fear déanta na héagóra a bhí mé, ná ar mhaithe leis an té a ndearnadh an éagóir air, ach dʼfhonn bhur ndílseacht dom-sa a chur ar bhur súile daoibh i bhfianaise Dé.