2 Corinthians 7:8 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír ge gur chuir mé doilgheas óruibh rém litir, ní bhfuil sé na aithreachas oram, ge go raibh sé na aithreachas oram: oír do chím gur chuir an litir sin doilgheas oruibhsi, bíodh nár chuir achd ar feadh tamuill.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir bíodh gur chuireas doilgheas oraibh lem’ litir, ní truagh liom é, gidh go raibh truagh orm; mar is léir dom gur chuir an litir sin cumha oraibh, gidh nár chuir acht ar feadh tamaill.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Á chur i gcás féin gur chuir mo litir brón oraibh, níl aon aiféala orm anois (cé go raibh aiféala orm) mar feicim anois nár chuir an litir úd brón oraibh ach seal tamaill.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Más ea féin gur chuir mé brón oraibh leis an litir úd agam, níl aon aiféala orm faoi. Nó má bhí aiféala orm tuigim gur ghoill an litir sin oraibh d' ala na huaire,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Más ea féin gur chuir mé brón oraibh leis an litir úd agam, níl aon aiféala orm faoi. Nó má bhí aiféala orm tuigim gur ghoill an litir sin oraibh dʼala na huaire,