2 Corinthians 8:21 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar mbeith dhúinn ag soláthar dheaghneitheann, ní hé amháin a bhfíadhnuisi an Tighearna, achd a bhfíadnuisi na ndaóine mar an gcéudna.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
óir is mian linn gach nidh do dhéanamh go h‐onórach, ní h‐é amháin i bhfiadhnaise Dé, acht i bhfiadhnaise na ndaoine.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
mar is mian linn fiúntas a dhéanamh ní hamháin i súile an Tiarna ach i súile na ndaoine.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Mar is é ár n-aidhm an rud ceart a dhéanamh ní amháin i bhfianaise an Tiarna ach i bhfianaise daoine chomh maith.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Mar is é ár n-aidhm an rud ceart a dhéanamh ní hamháin i bhfianaise an Tiarna ach i bhfianaise daoine chomh maith.