2 Corinthians 8:9 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír is aithne dhaóibh grása ar Dtighearna Iósa Criósd, do bhrígh ar mbeith dhó saidhbhir, go dtarla dhó bheith bochd ar bhur sonsa, chum sibhse do dhéunmah saidhbhir ré na bhochdainesion.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir is eol daoibh grása ár dTighearna Íosa Críost, gidh go raibh sé saidhbhir, gur éirigh sé bocht ar bhur son‐sa, chum go n‐éireochadh sibh saidhbhir de bharr a bhochtaine‐sean.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar tá a fhios agaibh faoi ghrásta ár dTiarna Íosa Críost, a rinne bochtán de féin ar bhur son, agus é saibhir, ionas go ndéanfadh sibh bhur saibhreas as a bhochtanas.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tá a fhios agaibh go maith an chomaoin a chuir ár dTiarna Íosa Críost oraibh: siúd is go raibh sé saibhir rinne sé bochtán de féin ar mhaithe libhse, d' fhonn is go ndéanfaí daoine saibhre díbh trína bhochtaineachtsan.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tá a fhios agaibh go maith an chomaoin a chuir ár dTiarna Íosa Críost oraibh: siúd is go raibh sé saibhir rinne sé bochtán de féin ar mhaithe libh-se, dʼfhonn is go ndéanfaí daoine saibhre díbh trína bhochtaineacht-san.