2 Corinthians 9:4 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Deagla má thigid na Macedónachaigh riom, agus go bfuighid síad sibhse neamhullamh, go mbíadh adhnáire oruinne gan teachd oruibhse fa mhéid na mordhálasa.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
ar eagla, má thagann Maiceadónaigh i n‐éinfheacht liom, agus go bhfaighidh siad sibh gan bheith ullamh, go náireochaidhe sinn (gan sibh‐se do luadh) fá mhéid na muinighne seo.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
ar eagla go dtiocfadh cuid de na Macadóinigh oraibh liom, agus nach mbeadh sibh réidh ina gcoinne, agus go mbeadh náire agus ceann faoi ormsa— gan sibhse a chur san áireamh—as méid ár muiníne.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Mar dá dtagadh roinnt Macadónach le mo chois agus gan sibhse a bheith ullamh rompu, nach ormsa a bheadh an náire, gan trácht oraibh féin tar éis dom bheith chomh teann sin asaibh?
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Mar dá dtagadh roinnt Macadónach le mo chois agus gan sibh-se a bheith ullamh rompu, nach orm-sa a bheadh an náire, gan trácht oraibh féin–tar éis dom a bheith chomh teann sin asaibh?