2 Corinthians 9:5 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin do bhreathnuidh mé gur ríachdanach na dearbhráithre bhrósdughadh, chum teachd chugaibhsi dhóibh ar tús, agus bhur nalmsana air ar labhradh cheana do chríochnughadh roimh láimh, ionnus go mbíadh sí ullamh, mar ní gheibhtheur tré dháonnachd, agus ní ré crúadháil.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Uime sin do mheasas gurbh éigean a impidhe ar na bráithribh dul chugaibh‐se ar dtús, agus an bronntanas do bhí geallta agaibh do chur i dtreo roimh ré, chum go mbéadh sé ullamh, ní mar bhéadh sainnt, acht mar bhéadh féile ann.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mheas mé mar sin gur ceart iarraidh ar na bráithre bheith ar a dtriall chugaibh romham, agus socrú roimh ré i dtaobh an bhronntanais atá geallta agaibh, ionas nach mbeidh sé á fháscadh asaibh le héigean, ach á bhronnadh go fonnmhar agaibh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Mheas mé dá bhrí sin nár mhór dom a iarraidh ar na bráithre dul ag triall oraibh romham agus an deontas a bhí geallta agaibh a eagrú roimh ré i dtreo go mbeadh sé réidh i mo chomhair agus é ina dheontas fial in áit a bheith ina ainchíos.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)