2 Corinthians 9:6 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus bíodh so ar cuimhne aguibh, An tí shíolchuireas go tana is go tana bheanfus sé; agus an tí shíolchuireas go tiugh is go tiugh bheanfus sé.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus cuimhnighidh air seo, An té chuireas go gann, is gann bhainfeas sé; agus an té chuireas go fial, is fial bhainfeas sé.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Seo é! an té a chuireas go gann, is gann a bhainfidh sé, ach an té a chuireas a shíol go fairsing bainfidh sé fómhar fial fairsing.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Seo mar atá an scéal: an té a chuireann an síol go gann, is gann an fómhar a bhainfidh, ach an té a chuireann go fairsing, bainfidh sé fómhar fairsing.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Seo mar atá an scéal: an té a chuireann an síol go gann, is gann an fómhar a bhainfidh, ach an té a chuireann go fairsing, bainfidh sé fómhar fairsing.