2 Corinthians 9:7 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Tabhradh gach áon úadh do réir thogra a chroidhe, ní maille ré doithcheall, nó ré héigean: oír is ionmhuin ré Día an tí bhronnus go soilbhir.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Tabhradh gach aoinneach do réir mar tá ceaptha ’n‐a chroidhe aige, gan bheith doicheallach, ná gan dul i n‐éadan a thola, óir is geal le Dia an té bhronnas go fáilteach.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Caithfidh gach duine déanamh mar atá socraithe aige ina intinn, gan bheith á tharraingt in aghaidh a chos dá mhíle ainneoin, ó nach bhfuil ní ann is fearr le Dia ná féile agus flaithiúlacht.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Déanadh gach duine dá bhrí sin mar a bhí beartaithe ina chroí aige, agus déanadh sé sin gan doicheall gan éigean mar is geal le Dia an té a thugann go fáilteach.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Déanadh gach duine dá bhrí sin mar a bhí beartaithe ina chroí aige, agus déanadh sé sin gan doicheall gan éigean mar is geal le Dia an té a thugann go fáilteach.