2 Kings 1:2 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do thuit Ahasiah sios tré laitís a shéomra úachdarach do bhí a Samária, agus do bhí sé tinn: agus do chuir teachda úadh, agus a dubhairt ríu, Eirigidhe, fiafruighidh do Bhaal‐sebub dia Ecron an ttiucfa mé ón ttinnios so.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Thit Achaizíá ó áiléar a sheomra uachtair sa tSamáir agus leonadh é. Chuir sé teachtairí uaidh dá bhrí sin á rá leo: «Imígí agus téigí i gcomhairle le Bál Zeabúb, dia Eacrón, agus fiafraigí an dtiocfaidh mé chugam féin as mo bhreoiteacht.»