2 Kings 1:3 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd a dubhairt aingeal an TIGHEARNA re Helias an Tisbiteach. Eirigh, imthigh súas do theagmhail ré teachdaibh rígh Samária, agus abair ríu. An do chionn nach bhfuil Dia ann Israel, atáthaóise ag dul dfiafruigh sgéul do Bhaalsebub dia Ecron?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach dúirt aingeal an Tiarna le hÉilias an Tisbíoch: «Bí i do shuí agus imigh i gcoinne teachtairí rí na Samáire, agus abair leo: 'An ea nach bhfuil aon Dia in Iosrael a rá is go bhfuil sibh ag dul i gcomhairle le Bál Zeabúb, dia Eacrón?'