2 Kings 1:9 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ann sin do chuir an rígh chuige caiptín cáogaid maille re na cháogad. Agus do chúaidh sé súas chuige: (agus, féuch, do bhí seision na shuighe ar mhullach cnuic). Agus do labhair sé ris, Thusa a óglaich Dé, dubhairt an rígh, Tar a nuás.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin chuir an rí ceannaire caogad lena chaoga fear chuige. Ghabh an ceannaire suas go hÉilias a bhí ina shuí ar mhullach cnoic, agus dúirt sé leis: «A ghiolla Dé, deir an rí ' Tar anuas.'»