2 Kings 10:15 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Agus a núair do imthigh sé as sin, tárla ris Iehonadab mhac Rechab ag teachd na choinne: agus do bheannuigh sé dhó, agus a dubhairt ris, An bhfuil do chroidhese díreach, mar tá mo chroidhesi red chroidhese? Agus do fhreagair Iehonadab, Ata. Má tá, tabhair dhamhsa do lámh. Agus thug sé a lámh dhó; agus do ghlac sé súas chuige ann sa ccarbad é.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
D' fhág sé an áit sin agus bhuail sé le Iahónádáb mac Raecáb a bhí ag teacht ina choinne. Bheannaigh sé dó agus dúirt leis: «An bhfuil do chroíse dílis do mo chroíse faoi mar atá mo chroíse do do chroíse?» «Tá,» d' fhreagair Iahónádáb. «Má tá,» arsa Iéahú, «tabhair dom do lámh.» Thug sé a lámh dó agus thóg Iéahú suas taobh leis é ina charbad.