2 Kings 11:9 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do rinneadar na caiptínigh ós cionn na ccéud gach éinní dar aithin Iehoiada an sagart díobh: agus rug gach éanduine dá raibh ag dul a steach annsa ló shaóire, á mhuinntir leis an droing dar chóir dul amach annsa tsábbóid, agus thangadar go Iehoiada an sagart.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Rinne na ceannfoirt gach ní mar a d' ordaigh Iahóideá an sagart. Rug siad a gcuid fear leo, iad siúd a bhí ag scor den gharda ar an tsabóid agus iad siúd a bhí ag dul ar garda ar an tsabóid, agus tháinig siad chuig Iahóideá an sagart.