2 Kings 13:25 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do bhean Ioas mac Iehoahas a rís as láimh Bhen‐hadad mhic Hasael na caithreacha, do bhean seision as láimh Iehoahas a athair le cogadh. Do bhuail Ioas é trí huáire, agus do bhean sé caithreacha Israel de.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin ghabh Ióáis mac Iahóácház ar ais ó Bhein Hadad mac Hazáéil na cathracha a ghabh seisean óna athair Iahóácház le neart airm. Bhris Ióáis air faoi thrí agus fuair ar ais cathracha Iosrael.