2 Kings 14:6 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Acht níor mharbh sé clann na ndúnmharbhthach: do reír mar atá scríobhtha a leabhar dlighe Mhaóise, ann ar aithin an TIGHEARNA, gha rádh, Ní cuirfighear na haithreacha chum báis ar son na cloinne, ní mó cuirfighear an chlann chum báis ar son a naithreach; achd cuirfighear gach aon chum báis ar son a pheacaidh féin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Níor chuir sé chun báis clann na ndúnmharfóirí, afach, de réir mar atá scríofa i leabhar dhlí Mhaois mar ar ordaigh an Tiarna: «Níl aithreacha le cur chun báis ar son mac, ná mic ar son a n-aithreacha; ní foláir gach duine a chur chun báis ar son a pheaca féin.»