2 Kings 14:9 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do chuir Ioas rígh Israel go Hamasiah rígh Iúdah, ghá rádh, Do chuir an foghbhánnan do bhí a Lebanon teachda chum an chédair do bhi a Lebanon, gha rádh, Tabhair hinghion dom mhacsa na mnáoi: agus do ghabh beathach állta thort do bhí a Lebanon, agus do shaltair siós an foghbhannan.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chuir Ióáis rí Iosrael teachtaireacht go hAmaiziá rí Iúdá: «Chuir feochadán na Liobáine teachtaireacht go céadar na Liobáine: 'Tabhair d' iníon le pósadh do mo mhac,' ach rinne ainmhí allta sa Liobáin an feochadán a shatailt faoina chosa agus é ag gabháil thar bráid.