2 Kings 15:19 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Agus tháinic Pul rígh na Hasíria a naghaidh na tíre: agus thug Menahem do Phul míle tallann airgid, iondus go mbeith a lámh ris do dhaingniugadh na rioghachda iona láimh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
rinne Púl rí na hAsaíre ionradh ar an tír; thug Manachaem míle tallann airgid do Phúl d' fhonn go gcabhródh sé leis ag neartú lena ghreim ar an údarás ríoga.